About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Catholic Ireland

Liturgical Readings for : Friday, 19th April, 2024
Readings in English
Next Sunday's Readings

 

CÉAD LÉACHT   

Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal           9:1-20
I
s é sin an duine atá tofa agamsa chun m’ainm a thabhairt i láthair na bpágánach.

Ó bhí Sól ag bagairt báis ar dheisceabail an Tiarna. Chuaigh sé go dtí an t-ardsagart ag lorg litreacha uaidh le tabhairt chun na sionagóg i nDamaisc i dtreo, cibé duine dá bhfaigheadh sé ann, fear nó bean, a lean an bealach, go ndéanfadh sé iad a ghabháil agus a thabhairt ar ais go Iarúsailéim.

Bhí sé ar an mbóthar ann agus é ag druidim le Damaisc nuair a las solas ón spéir ina thimpeall de phreib. Thit sé chun talaimh agus chuala sé an guth á rá leis:
“A Shóil, a Shóil, cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?
“Cé thú féin, a Thiarna?” d’fhiafraigh Sól.
D’fhreagair an guth:
Is mise Íosa, an té a bhfuil tú á ghéarleanúint.
Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.

Na fir a bhí ag taisteal leis, rinneadh staic díobh: bhí an guth le cloisteáil acu ach gan duine le feiceáil. D’éirigh Sól den talamh, ach nuair a d’oscail sé na súile ní raibh aon léas radhairc aige. Rug siad ar láimh air agus sheol isteach sa chathair é. Agus bhí sé ar feadh trí lá gan radharc agus gan greim ná bolgam a bhlas.

Bhí, i nDamaisc, deisceabal darbh ainm Anainias agus labhair an Tiarna in aisling leis:
“A Anainias,” ar sé.
Teacht, a Thiarna,” d’fhreagair Anainias.
Éirigh,” arsa an Tiarna leis, “agus gluais leat go dtí an tSráid Dhíreach mar a thugtar uirthi, agus loirg i dteach Iúdáis fear ó Tharsas arb ainm dó Sól. Tá sé ag guí ann agus chonaic sé in aisling fear darbh ainm Anainias ag teacht isteach chuige agus ag leagan a lámh air chun go mbeadh a radharc ar ais aige.”

Ach d’fhreagair Anainias:
“A Thiarna, chuala mé iomrá ar an bhfear seo óna lán daoine agus ar a bhfuil d’olc déanta aige ar an bpobal naofa in Iarúsailéim, agus anseo féin tá údarás aige ó na hardsagairt gach duine dá nglaonn ar d’ainmse a ghabháil.”
“Gluais leat,” arsa an Tiarna leis, “mar is é sin an duine atá tofa agamsa chun m’ainm a thabhairt i láthair na bpágánach agus na ríthe agus i láthair chlann Iosrael. Taispeánfaidh mise dó a bhfuil le fulaingt aige ar son m’ainmse.”

D’imigh Anainias leis, agus ar dhul isteach sa teach dó leag sé a lámha air, á rá:
A
Shóil, a bhráthair, is é an Tiarna a sheol chugat mé – an Íosa a thaispeáin é féin duit ar do bhealach anseo – chun go mbeadh do radharc arís agat agus go líonfaí den Spiorad Naomh thú.” Agus de phreib thit mar a bheadh screamh dá shúile agus tháinig a radharc arís dó; agus ar éirí dó ina sheasamh, baisteadh é. Agus tar éis dó rud a ithe tháinig a neart arís ann. D’fhan Sól ar feadh tamaill leis na deisceabail i nDamaisc. Thosaigh sé láithreach ag fógairt sna sionagóga gurb é Íosa mac Dé.

Briathar an Tiarna          Buíochas le Dia

Salm le Freagra           Sm 116
Freagra                            Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.
Malairt freagra           Alleluia!  

1. Molaigí an Tiarna, a chiníocha uile;
moladh na náisiúin go léir é.                    Freagra

2. Óir is daingean é go deimhin, a bhuanghrá dúinn;
maireann a dhílseacht go brách.             Freagra

SOISCÉAL

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin            6:52-59      Glóir duit, a Thiarna
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.


San am sin bhí na Giúdaigh ansin ag aighneas le chéile á rá:
Conas is féidir leis an duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?”

Dúirt Íosa leo:
Amen, Amen, a deirim libh, mura n-íosfaidh sibh feoil Mhac an Duine,
agus a chuid fola a ól, ní bheidh beatha agaibh ionaibh.

An té a itheann m’fheoil agus a olann m’fhuil,
tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.

An té a itheann m’fheoil agus a ólann m’fhuil cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann. Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh,agus mar is beo mise tríd an Athair,
mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom.

Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh.
Ní ionann is an manna ar ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh;
an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.”

Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg.

Soiscéal an Tiarna.              Moladh duit, a Chriost

.


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart