About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Catholic Ireland

Liturgical Readings for : Wednesday, 24th April, 2024
Readings in English
Next Sunday's Readings

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Gníomhartha na nAspal                12:24-13:5
Cuirigí Barnabas agus Sól ar leith dom.

Lean briathar Dé ag fás agus ag leathnú.Tar éis dóibh a misean a chur i gcríoch d’fhill Barnabas agus  [ó] Iarúsailéim agus thug siad Eoin Marcas leo san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon – Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicías Cuiréanach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród an rí cúige, agus Sól. Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh:
Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”
Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad.

Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir. Ar shroichint Shalamais dóibh, d’fhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair.


Briathar an Tiarna               Buíochas le Dia                            

Salm le Freagra              Sm 66
Freagra                             Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.
Malairt freagra              Alleluia                                                                                                                                      

1. Bí trócaireach linn, a Thiarna, agus beannaigh sinn; taispeáin dúinn solas do ghnúise.
Chun go n-aithneofaí do shlí ar talamh agus do shlánú i measc na náisiún go léir.        Freagra

2. Go ndéana na náisiúin lúcháir agus gairdeas toisc go rialaíonn tú an domhan le fíréantacht,
Rialaíonn tú na ciníocha le cothromas; treoraíonn tú na náisiúin ar talamh.                  Freagra

3. Go mola na ciníocha thú, a Dhia; go mola na ciníocha go léir thú.
Go mbeannaí ár nDia i gcónaí sinn agus gurab eagal le críocha na cruinne é!                Freagra


SOISCÉAL


Go raibh an Tiarna libh.           Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin      12:44-50       Glóir duit, a Thiarna.
Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol.

San am sin ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt:

“An té a chreideann ionamsa, ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.
Agus an té a fheiceann mise, feiceann sé an té a chuir uaidh mé. Tháinig mise, mar sholas, isteach sa saol i dtreo, gach duine a chreideann ionamsa, nach bhfanfadh sé sa dorchacht.

Má chluineann aon duine mo bhriathra agus nach gcoinneoidh sé iad,

ní mise a thugann daorbhreith air,
óir ní chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a tháinig mé,
ach chun an saol a shaoradh.

An té a dhiúltaíonn domsa, agus nach nglacann mo bhriathra,

tá aige an té a thabharfaidh daorbhreith air.
An briathar féin a labhair mé, tabharfaidh sé sin daorbhreith air an lá deireanach. Óir ní uaim féin a labhair mé, ach an tAthair féin a chuir uaidh mé, thug seisean ordú dom, cad a déarfainn agus cad a labhróinn.

Agus tá a fhios agam gur beatha shíoraí a ordú.
Agus uime sin na nithe a labhraím, is mar a dúirt an tAthair liom a labhraím iad.”

Soiscéal an Tiarna.                  Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart