About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Liturgical Readings for : Sunday, 28th April, 2024
Today's Readings
Readings in English

CÉAD LÉACHT   

Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal       6:26-31
D’inis Barnabas do na haspail mar a chonaic Sól an Tiarna ar an tslí.

paul preaching1Ar theacht dó go Iarúsailéim rinne sé iarracht ar dhul i bpáirt leis na deisceabail ach bhí eagla orthu go léir roimhe mar ní chreidfidís gur dheisceabal é. Ansin thóg Barnabas faoina chúram é agus thug i láthair na n-aspal é, ag aithris dóibh conas mar a chonaic sé an Tiarna ar an mbóthar agus mar a rinne sé comhrá leis agus mar a labhair sé go teann in ainm Íosa i nDamaisc.

D’fhan Sól in éineacht leo in Iarúsailéim gan chosc gan cheangal air ach é ag labhairt go dána in ainm an Tiarna. Bhíodh sé ag caint agus ag conspóid leis na Giúdaigh Heilléanacha freisin. Rinne siadsan iarracht ar é a mharú ach nuair a fuair na bráithre amach é, thóg siad Sól leo go Céasaráia agus chuir as sin go Tarsas é. Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.

Briathar an Tiarna               Buíochas le Dia

Salm le Freagra               Sm 21
Freagra                              Is tú mo mholadh sa mhórthionól, a Thiarna.
Malairt Freagra              Alleluia!

I. Comhlíonfaidh mé mo mhóideanna i láthair na droinge ar a mbíonn a eagla.
Íosfaidh na bochtáin agus beidh a sáith acu. Molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna.
Go maire a gcroíthe go brách na breithe.                                                                                                                     Freagra

2. Cuimhneoidh an domhan uile agus casfaidh ar an Tiarna, agus adhrfaidh na ciníocha uile ina fhianaise.
Adhrfaidh maithe móra an talaimh ina fhianaise. Cromfaidh ina láthair a ngabhann síos sa luaithreach.  Freagra

3. Mairfidh m’anam ar a shon; déanfaidh mo chlann fónamh dó. Tabharfaidh tuairisc an Tiarna do ghlúin atá le teacht.
Foilseoidh siad a dhílseacht do phobal nár saolaíodh fós: ‘Sin iad na nithe a rinne an Tiarna.’                     Freagra

DARA LÉACHT   

Sliocht as an chéad Litir Naomh Eoin       3:18-24
Seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile.

Christ commandsA chlann liom, ná tugaimis grá briathair ná cainte amháin, ach grá gnímh agus fírinne. Is mar sin a aithneoimid gur de chlann na fírinne sinn, agus is mar sin a shuaimhneoimid ár gcoinsias ina láthairsean, má chiontaíonn ár gcroí sinn. Óir gur treise é Dia ná ár gcroí-ne agus is feasach dó an uile ní.

A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia. Agus cibé ní a agraímid air, gheobhaimid uaidh é, ó tharla go gcoinnímid a aitheanta agus go ndéanaimid beart de réir a thaitnimh. Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d’ordaigh seisean dúinn. An té a choinníonn a aitheanta, maireann i nDia, agus maireann seisean ann. Agus is mar seo a aithnímid go maireann sé ionainn, tríd an Spiorad a thug sé dúinn.

Briathar an Tiarna               Buíochas le Dia

Alleluia Véarsa                Eo 15: 4-5
Alleluia, Alleluia!
Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh,’ a deir an Tiarna.
‘An té a fhanann ionamsa, tugann sé toradh mór uaidh.’
Alleluia!

SOISCÉAL    

Go raibh an Tiarna libh.         Agus le do spiorad féin   
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin   15:1-8           Glóir duit, a Thiarna.
An té a fhanann ionamsa, agu mise ann, tugann sé toradh mór uaidh

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:

Mise an fhíniúin fhíor, agus is é m’Athair an saothraí.
Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í;
agus gach géag a thugann toradh, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.

Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag
toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin,sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.
vine
M
ise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann,

tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.
Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé;
agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.
Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh,
iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é.

Tugadh glóir do m’Athair sa mhéid go dtugann sibhse toradh mór uaibh,

agus go mbeidh sibh in bhur ndeisceabail agamsa.

Soiscéal an Tiarna.      Moladh duit, a Chriost

************************************
Machtnamh ar Bhriathar Dé dia 5ú Domhnach na Cásca

Cén fáth go bhfuil gá le bearradh 

Tá fhios ag na daoine a chothaionn rósanna go gcaithfear na plandaí a bearradh gach blian más mian leo fás maith a bheith iontu. Is fíor sin don chuid is mó de plandaí mar an chéanna; cabhraíonn an bhearradh leis an shaol nua. Tagraíonn Íosa le bearradh sa soiscéal inniú. Tugann sé le fios go ndéanann Dia bearradh ar ár saol ó am go h’am, chun iad a dhéanamh níos fiúnta ná mar atá siad faoi láthair. Tá roinnt rudaí ann a gur chóir a dhíbirt, má’s mian linn bheith cóir i láthair Dé. Thárlódh sé go mba thairfí an rud é scaoileadh le rudaí áirithe , cé gur leasg linn ag an am, a cabhródh linn cur len ár gcaidreamh le Dia agus le daoine eile. Nuair a déantar an bearradh seo is giorra dúinn bíonn an Tiarna, i bhfocail an tsoiscéil, déanann sé cónái linn. Ní gá dúinn a bheith ag brath ar ár neart féin. Nuair a bhíonn an Tiarna ag cur faoi ionainn bíonn Sé taobh linn, rud a thugann saol nua  níos torthúla dúinn. Ach chun go dtarlódh  seo ní mór dúinn fanacht in a láthair mar a fhanann sé linne.

Pádraig Ó Rúairí, cp,
Sliabh Argus, Átha Cliath.
********************************************


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart